Ag éirí aníos i gCionn na Leargaí, na Dúnaibh. Níor chaith sé ach bliain ar an choláiste i Leitir Ceanainn (Naomh Adhamhnán) i ndiaidh an scoil náisiúnta a fhágáil. D’imigh sé chun an bhaile le cuidiú a thabhairt dá athair teach úr a thógáil. D’oibrigh sé go páirtaimseartha ar mhachaire gailf Ros na Binne ag baint féir agus araile ar feadh bliana.